119
Ḋearc Taḋg uaiḋ agus ċonnairc sé balla árd a ḃí leiṫ-ḃriste, i n-áiteaċaiḃ, agus sean-teampoll liaṫ taoḃ astiġ de’n ḃalla, agus bunáite duisín sean-ċrainn seargṫa, sgapṫa anonn ’s anall tríd an g-cill. Ni raiḃ bláṫ ná duilleóg orra aċt ḃí a sean- ġeugáin sínte amaċ mar láṁa duine air feirg a ḃí ag bagairt. Ni raiḃ aon neart aige air; b’ éigin dó siúḃal. Ḃí sé cúpla ceud slat ó’n dteampoll, agus níor ḋearc sé ’nna ḋiaiġ no go dtáinig sé ċum geata na Cille. Ḃí an sean-ġeata leagṫa, agus ní ḃfuair sé aon ḃacaḋ ag dul asteaċ. Ṫi- onntaiġ sé ann sin le feicsint an raiḃ na daoine beaga ’gá leanaṁaint, aċt ḃí smúid air an ngealaiġ águs ḃí an oiḋċe dorċa agus nior ḟeud se dadaṁ ḟeicsint. Ċuaiḋ sé asteaċ annsa ’g-cill agus ṡiúḃail sé an sean-ċosán feurṁar do ḃí ag dul suas ċum an teampoill. Nuair ráinig sé an doras fuair sé glas air. Ḃí an doras mór agus láidir: Ṫarraing sé a sgian amaċ agus ṡáiṫ sé annsan áḋmad é, aċt ní raiḃ an t-áḋmad loḃṫa “’Nois !” ar seisean leis féin, “ ní’l aon rud eile le deunaṁ agam; tá an doras druidte agus ní ṫig liom- sa a ḟoscailt.” Sul ḃí na focla sin cumṫa