Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/134

This page has not been proofread.

120

aige ann a inntinn féin, duḃairt glór ann a ċluais—“cuartaiġ an eoċair air ċúl an dorais, no air an mballa.” Ġlac sé sgann- ruġaḋ “cia tá ag laḃairt liom?” ar sé, ag iompóġ aċt ní ḟacaiḋ sé duine air biṫ. Ċo- gair an guṫ ann a ċluais arís—“cuartaiġ an eoċair air ċúl an dorais no air an mballa.” “Cad é sin?” ar Taḋg, agus an t-allus ag ríṫ d’á ṁala, “cia laḃair liom?” “Mise an corpán a laḃair leat,” ar san guṫ. “Ḃḟuil caint ionnat?” ar Taḋg. “’Nois agus arís,” ar san corpán.

Ċuartaiġ Taḋg an eoċair agus fuair sé air ḃárr an ḃalla í. Ḃí an iomarcuiḋ iongantais air le laḃairt tuilleaḋ, d’ḟosgail sé an doras go ciúin fairsing, agus ċuaiḋ sé as- teaċ leis an g-corp air a ṁuin. Ḃí sé ċoṁ duḃ leis an oiḋċe an taoḃ astiġ, agus ṫáinig críṫ air Ṫaḋg boċt. “Las an ċoin- neall, las an ċoinneall,” ar san corpán. Ċuir Taḋg a láṁ ann a ṗóca agus ṫarraing sé amaċ a sgian agus cloċ-teine. Ḃain sé driṫleóg aisti, agus las sé ceirteaċ dóiġte a ḃí ann a ṗóca, ṡéid sé é go ndearna sé lasair agus ḋearc sé ’nna ṫimċioll. Ḃí an teampoll an-aosta agus cuid dena bal- laiḃ briste síos, agus na fuinneóga sgoilte,