121
agus áḋmad na ḃfoirm loḃṫa. Ḃí sé no seaċt dena sean-ċoinnleóiriḃ iarainn ann fós. Ḃí stumpán sean-ċoinnle fágṫa i g-coinnleóir aca, agus las Taḋg é. Ḃí sé ag breaṫnuġaḋ air an áit aisteaċ ġrái- neamṁail sin, nuair ċogair an corpán fuar arís ann a ċluais “cuir me feasta, cuir me feasta, sin ṫall an spád i naġaiḋ do láiṁ’, agus preab an talaṁ, preab an talaṁ.”
Ḋearc Taḋg uaiḋ agus ċonnairc sé spád le h-ais na h-altóra. Ṫóg sé ann a láiṁ é agus ċuir sé a ḃárr faoi leic do ḃí i g-ceart-lár an teampoill, agus d’ḟág sé a ṫruime féin air ċois na spáide no gur ṫóg sé an leac.
Nuair ḃí an ċéad-leac togṫa ní raiḃ sé deacair an ċuid eile ḋíoḃ do ċorruġaḋ, agus ḃain sé trí no ceiṫre cinn aca as a n-áitea- ċaiḃ. Ḃí an ċréafóg do ḃí fúṫa bog, agus b’ḟuras dó a róṁar. Aċt níor ċaiṫ sé amaċ níos mó ná lán trí no ceiṫre sluasad de ċréafóig nuair ḃain an t-íarann le rud bog éigin mar ḟeóil. Ċaiṫ sé trí no ceiṫre sluasad eile ó na ṫimċioll, agus ċonnairc sé gur corp eile é do ḃí curṫa annsan áit sin. “Tá faitċios orm naċ leigfiḋear dam an dá ċorp ċur le ċéile,” ar