126
arís “Cuir me! cuir me! ’sa g-cill! ’sa g- cill!”
Do ṫarraing Taḋg anonn do’n t-sean- roilig, agus ní raiḃ sé níos faide na tim- ċioll fiċe slat uaiḋ nuair ṫóg sé a ṡúile agus ċonnairc sé céudta agus céudta tais, mná, fir, agus páistiḋ, ’nna suiḋe air ḃárr an ḃalla, no ’nna seasaṁ an taoḃ astiġ, ag riṫ anonn ’s anall, ag síneaḋ, a láṁ amaċ, ag léimniġ, ag daṁsa, ag corruġaḋ a mbéil aṁail a’s mar ḃeiḋeaḋ siad ag laḃairt, aċt níor ċualaiḋ Taḋg aon ḟocal ná aon toran. Ḃí faitċios air dul air aġaiḋ, agus ṡeas sé suas mar ḃí sé. Air an móimid ḃí na taiseanna uile socair agus níor ċuir siad cor asta. Ṫuig Taḋg ann sin gur b’ ag iarraiḋ a ċongḃáil ó ḋul- asteaċ do ḃí siad. Ḋruid sé cúpla slat níos foigse do’n ḃalla, agus riṫ an sluaġ uile le ċéile do’n ḃall ’nn a raiḃ seisean ag triall, agus ḃí siad coṁ tiuġ sin le ċéile nár ḟeud sé briseaḋ trioṫa dá mbuḋ ṁian leis é, aċt ní raiḃ aon ṁeisneaċ aige a ḟeu- ċaint.
Ċuaiḋ sé air ais go briste brónaċ, agus nuair ḃí sé cúpla ceud slat imṫiġṫe ó’n g-cill stad sé, mar naċ raiḃ ḟios aige cad