Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/142

This page has not been proofread.

128

an corpán le ċéile. D’éiriġ sé suas go briste breóiḋte brúiġte, agus ḃí faitċios air dul anaice leis an g-cill arís, mar naċ ḃfacaiḋ sé dadaṁ an t-am do leagaḋ agus do tógaḋ é.

“A ċorpáin ṡuas air mo ṁuin,” ar sé, “an raċaiḋ mé arís do’n roilig?” aċt níor ḟreagair an corpán dó. “Is coṁarṫa é sin naċ mian leat mé a ḟeuċaint arís,” ar sé.

Ḃi sé i n-aṁras mór ann sin, creud do buḋ ċóir dó a ḋeunaṁ nuair laḃair an cor- pán ann a ċluais “Imleóg-ḟada, Imleóg- ḟada. “O! maiseaḋ,” ar seisean, “an éigin dam dul ann sin? Má ċongḃóċaiḋ tu a ḃfad mé, ag siuḃal, tuitfiḋ mé fút. Aċt ċuaiḋ sé air aġaiḋ arís, agus lean sé do’n taoiḃ a ṫaisbéan meur an ċorpáin dó. Níor ḟeud sé féin ráḋ go ceart cá ḟada ḃí sé ag imteaċt nuair d’ḟáisg an corpán é go h-obann agus duḃairt leis, “Súḋ é, Súḋ é.”

Ḋearc Taḋg uaiḋ agus ċonnairc sé balla an-ḃeag ísiol, agus ḃí sé briste síos i n- áiteaċaiḃ coṁ mór sin naċ raiḃ aon ḃalla ceart air biṫ ann. Ḃí sé i bpáirc ṁóir leaṫain air ṫaoiḃ an ḃóṫair, act muna