Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/144

This page has not been proofread.

130

dul ṫairis, no loisgfiḋe go bár go cinnte é. Ni ḟacaiḋ Taḋg ó rugaḋ é aon aṁarc do ḃí coṁ aoiḃinn áluin sgiaṁaċ iongantaċ leis an aṁarc sin. Ṫart ċuaiḋ an lasair, agus na driṫleóga buiḋe bána agus gorma ag léimniġ aisti, agus ciḋ naċ raiḃ ann i dtosaċ aċt líne ḃeag ṫana, ṁeudaiġ sí gan ṁall go raiḃ sí air deire ’nna banda mór leaṫan, agus ḃí sí i g-cóṁnuiḋe ag eíriġe níos leiṫne agus níos áirde agus ag caṫaḋ amaċ ḋriṫleóga is ionġantaiġe, agus ní ḃfuil daṫ air ḋruim na talṁan naċ raiḃ le feicsint annsan teine sin, agus níor ṡoill- siġ teinteaċ agus níor ḃris amaċ lasair ariaṁ do ḃí coṁ soillseaċ agus coṁ geal léiṫe.

Ṫáinig uaṫḃás air Taḋg. Ḃí sé féin beag-naċ marḃ le tuirse agus ní raiḃ a ṡáiṫ meisniġ aige le dul níos foigse do’n ḃalla. Ṫáinig ceó air a ṡúil, agus “sua- rán” ann a ċeann, agus b’ éigin dó suiḋe síos air ċloiċ ṁóir do ḃí ann. Ní ḟacaiḋ sé aon rud aċt an solas, níor ċualaiḋ sé aon rud aċt an sórt crónáin do rinne an solas sin mar do sgiorr sé timcioll an ġuirt níos luaiṫe na an teinteaċ.

Mar ṡuiḋ sé ann sin air an g-cloiċ do