Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/145

This page has not been proofread.

131

ċogair an guṫ aon uair eile ann a ċluais “Cill-Ḃríġde, Cill-Ḃriġde,” agus d’ḟáisg an corpán coṁ cruaiḋ sin é gur b’ éigin dó sgreadaoil amaċ.

D’éiriġ sé aon uair eile go tinn tuirseaċ, trillṫiḋe, agus ġlac sé a ḃealaċ annsan line do ṫaisbéan láṁ an ḟir ṁairḃ dó. Ċuaiḋ sé mar sin air aġaiḋ agus b’ḟada a ṡiúḃal, agus b’ olc an bóṫar agus b’ḟuar an ġaoṫ agus buḋ ṫrom a uallaċ, agus buḋ ḋuḃ an oiḋċe, agus buḋ ḃeag-naċ caiṫte é féin. Is mar sin d’imṫiġ sé, agus is cinnte dá mbeiḋeaḋ a ṡliġe mórán níos faide ṫuit- feaḋ sé marḃ faoi n-a uallaċ.

Air deire do ṡín an corpán a láṁ amaċ arís, agus duḃairt sé “cuir ann sin mé—cuir ann sin mé.” “Is í seó an Ċill ḋeirionnaċ,” ar Taḋg ann a inntinn féin, “ agus duḃairt an firín beag liaṫ liom go leigfiḋe ḋam a ċur gan aon aṁras i g-Cill éigin aca. Ní féidir naċ nglacfaiḋear ann so é.”

Ḃí an ċeud daṫ roiṁ fáinne an laé, agus an ċeud-ṡolas ag tosuġaḋ annsan taoiḃ ṡoir, aċt ḃí sé fós níos duibe ’ná riaṁ, mar do ḃí an ġealaċ imṫiġṫe’nna luiḋe, agus ní raiḃ na reulta geal. “O! deun deifir, O! deun dei- fir,” ar san corpán arís leis, agus rinne