133
sé buiḋeaċas le Dia. Ní ḋearna sé aon ṁaille ann sin, aċt d’ḟáisg sé an folaċ síos air an g-cóṁra agus ċaiṫ sé an ċréafóg asteaċ le na ḋá láiṁ. Niór ḃ’ḟada go raiḃ an uaiġ líonta. Léim sé air an talaṁ le na ḋá ċois go raiḃ se cruaiḋ agus teann, agus ann sin d’ḟág sé an áit.
Ḃí an ġrian ag éirige nuair ḃi sé réiḋ le na obair, agus bud h-é an ċeud rud do rinne sé teaċ-ósda d’ḟáġail amaċ. Fuair sé sin, agus luiḋ sé síos air leabuiḋ ann, agus ċodail sé go dtí an oiḋċe. D’éiriġ sé agus d’iṫ sé beagán, agus luiḋ sé síos arís agus ċodail sé go dti an ṁaidin. Air maidin fuair sé capall air iasaċt, agus ċuaiḋ se aḃaile air marcuiġeaċt. Ḃí sé an t-am sin deiċ míle air ḟíċid o’n mbaile, agus níos mó, agus buḋ léir dó gur ṡiuḃail sé an oiread sin an oiḋċe do ċuir sé an corpán.
Ṡaoil uile ḋuine d’ḟág sé annsa’ mbaile go raib sé imṫiġte as an tír, agus ḃí lúṫ- gáire ṁor orra nuair ṫáinig sé air ais. Ḃí uile ḋuine ’gá ḟiafraiġ ḋé cia an áit a raiḃ sé, aċt níor innis sé do ḋuine air biṫ é aċt do’n aṫair.
Ḃí sé ’nna ḋuine aṫraiġṫe ó’n am sin. Níor ól sé iomarcuiḋ, niór ċaill sé a air-