135
NIALL O CEARBHUIḊ.
Ní raiḃ stuamaċt air biṫ ann. Duḃairt sé le na ḃean (ṁnaoi) go raċaḋ sé ċum an ċearda go b’ḟáġaḋ sé gleus doċtúireaċta. Ċuaiḋ sé ċum an ċearda, lá air na ṁáraċ. “Cá ’uil tu dul andiú?” ar san gaḃa. “Tá mé dul go ndeunfaiḋ tusa gleus doċtúireaċta ḋam.” “Cad é an gleus ḋeunfas mé ḋuit?” “Deun crom-sgian agus geal-sgian.” Rinn an gaḃa sin dó. Ṫáinig sé a ḃaile. Nuair ṫáinig an lá, lá air na ṁáraċ, d’éiriġ Niall o Cearḃuiḋ. Rinn sé réiḋ le ḃeiṫ ’g imṫeaċt ’nna ḋoċtúir. D’imṫiġ sé. Ḃí sé siúḃal leis. Casaḋ buaċaill ruaḋ air, taoḃ an ḃealaiġ ṁóir. Ḃeannuiġ sé do Niall o Cearḃuiḋ; ḃeannuiġ Niall dó. “Cá ’uil tu dul?” ar san fear ruaḋ. “Tá mé ’g imṫeaċt go raiḃ mé mo ḋoċtúir!” “’S maiṫ an ċéird é,” ar san fear ruaḋ, “’s fearr duit mise ḟastóġaḋ.”
“Cad é an tuarasdal ḃéiḋeas tu ’g iarraiḋ,” ar Niall o Cearbuiḋ. “Leaṫ a ṡaoṫróċamaoid go mbéiḋmíd annsan talaṁ so