Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/150

This page has been proofread.

136

air ais.” “Ḃeurfaiḋ mé sin duit,” ar san Niall. Ṡiúḃail an beirt leó. “Tá niġean (inġean) ríġ,” ar san fear ruaḋ, “leis an mbás, raċamaoid (coṁ) ḟad léiṫe go ḃfeicfimíd an léiġeasfamaoid í. Cuaiḋ siad air siúḃal go teaċ an ríġ. Ċuaiḋ siad (coṁ) ḟad leis an ngeata. Ṫáinig an geatóir ag ionsuiḋe orra. D’ḟiosruiġ sé cá raiḃ siad ag dul. Duḃairt siad gur teaċt ag aṁarc inġine an ríġ a ḃí siad, le feiceál (feicsint) an ndeunfaḋ siad maiṫ ḋí. D’iarr an ríġ a leigeant asteaċ. Ċuaiḋ siad asteaċ. Ċuaid siad ’san áit a raiḃ an cailín ’nna luiḋe. Ċuaiḋ an fear ruaḋ agus rug sé greim cuisle uirri; duḃairt sé, “dá b’ḟáġaḋ a ṁáiġistir luaċ a ṡaoṫair go leiġisfeaḋ sé í.” Duḃairt an ríġ go dtiuḃraḋ sé a ḃreiṫeaṁnas féin dó. Duḃairt sé, “dá mbeiḋeaḋ an rúma faoi féin agus faoi na ṁáiġistir, go mb’ḟearr é.” Duḃairt an ríġ go mbeiḋeaḋ.

D’iarr sé sgiléad uisge ṫabairt aníos. Ċuir sé an sgiléad air an teine. D’ḟiosraiġ sé de Niall o Cearḃuiḋ, “cá ḃfuil an gleus doċtúireaċta.” “Seó iad,” ar san Niall, “crom sgian agus geal-sgian.” Ċuir sé an ċrom-sgian air ṁuineul an ċailín. Ḃain