Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/152

This page has not been proofread.

138

coma leis cad é a ḃainfeaḋ sé ḋé. Ṫug se trí ceud punta airgid dó. D’imṫiġ siad ann sin ag tarraing air an mbaile. “Tá mac ríġ,” ar san fear ruaḋ, “’nna leiṫeid seó d’áit, aċt ní raċamaoid ’nna ċóṁair, tiucfamaoid a ḃaile le a ḃḟuil againn.” Ḃí siad ag tarraing air an mbaile. Ṗronn (Ḃronn) an ríġ leaṫ-sgór bioraċ orra le taḃairt leó a ḃaile. Ḃí siad ag siúḃal leó. Nuair a ḃí siad annsan áit ar ḟastuiġ Niall o Cearḃuiḋ an fear ruaḋ, “Saoilim,” ar san fear ruaḋ, “gur so an áit ar casaḋ mise ḋuit-se an ċeud-uair.” “Sa- oilim gur b’é,” ar san Niall o Cearḃuiḋ. “Maiseaḋ cad é mar roinnfimid an t-airgiod?” “Dá leiṫ,” ar san fear ruaḋ, “sin an margaḋ ḃí ann.” “’S mór liom-sa leaṫ a ṫaḃairt duit,” ar san Niáll o Cearḃuiḋ, “tá a ṫrian mór go leór agad.” “Tá cromsgian agus geal-sgian agam-sa” (ar san Niall) “agus ni’l dadaṁ agad-sa.” “Ni ġlacfaiḋ mise dadaṁ ar san fear ruaḋ, muna ḃḟáġ’ mé a leaṫ.” Ṫuit siad amaċ faoi an airgiod. D’imṫiġ an fear ruaḋ agus ḋ’ḟág sé é. Ḃí Niall o Cearḃuiḋ tarraing aḃaile mar- cuiġeaċt air a ḃeaṫaċ. Ḃí sé tiomáint a cod’ eallaiġ. Táinig lá teiṫ. Ċuaiḋ an