Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/153

This page has not been proofread.

139

t-eallaċ ag sgiobaḋ anonn ’s anall. Ḃí Niall o Cearḃuiḋ dá g-ceapaḋ. Nuair ḃiḋaḋ ceann no beirt ceapṫa aige, ḃíḋeaḋ an ċuid eile air siuḃal nuair ṫigeaḋ sé. Ċeangail sé a ġearrán do ġiota crainn. Ḃí sé ag ceapaḋ an eallaiġ. Annsan dei- reaḋ ḃí siad a lig (uile) air siúḃal. Ní raiḃ ḟios aige cá ndeacaiḋ siad. D’ḟill sé air ais an áit a raib an gearrán agus a ċuid airgid. Ní raiḃ an gearrán ná an t-airgiod le fáġail. Ní raiḃ ḟios aige ann sin cad é ḋeunfaḋ sé. Smuain sé go raċaḋ sé go teaċ an ríġ a raiḃ a ṁac tinn. D’im- ṫiġ sé leis ag tarraing air ṫeaċ an ríġ. Ċuaiḋ sé ag aṁarc air an mbuaċaill an áit a raiḃ sé ’nna luiḋe. Rug sé greim cuisle air. Duḃairt sé gur ṡaoil sé go léiġisfeaḋ sé é. “Má léiġisiġ tu é,” ar san ríġ, “beurfaiḋ mé trí ċeud púnta ḋuit.” “Dá ḃḟáġainn an rúm dam féin” (ar seisean). Duḃairt an ríġ go ḃḟuiġeaḋ sé sin. Sgairt sé ’níos air sgiléid uisge. Ċuir sé an sgiléid air an teine. Ṫarraing sé amaċ a ċrom-sgian. Ċuaiḋ se an ceann do ḃaint dé, mar ċonnairc sé an fear ruaḋ ag deu- naṁ. Ḃí sé ag sádaraċt (saḃaḋ?) air a ċeann agus ní ṫainig leis an muineul a