Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/156

This page has been proofread.

142

air na ṁáraċ nuair ḃí siad ag imṫeaċt ċonntais an ríġ trí ceud punta. Ṫug sé do Niall o Cearḃuiḋ é. Duḃairt sé le Niall muna raiḃ a ṡáiṫ aige go dtiúḃraḋ sé tuilleaḋ ḋó. Duḃairt Niall o Cearḃuiḋ go raiḃ, ’s naċ nglacfaḋ sé aon ṗíġin níos ṁó. D’ḟág sé slán agus beannaċt aige, agus ḃuail sé ag tarraing air an mbaile. Nuair a ḃfacaiḋ siad go dtáinig siad ċum na h-áite ann ar ṫuit siad amaċ le ċéile “saoilim,” ar san fear ruaḋ, “gur so an ait ḋifreálamar roiṁe.” “S’é go díreaċ,” ar san Niall o Cearḃuiḋ. Ṡuiḋ siad síos agus roinn siad an t-airgiod. Ṫug se a leaṫ do’n ḟear ruaḋ, ’s ċongḃaiġ sé féin leaṫ eile. D’ḟág an fear ruaḋ slán aige, agus d’imṫiġ sé. Ḃí sé tamall air siúḃal. D’ḟill sé air ais. “Tá mise ann so air ais,” ar san fear ruaḋ. Rinn me smuainte eile, do ċuid airgid uile d’ḟágḃáil agad féin; ḃí tu féin fosgaltaċ. An cuiṁne leat an lá ḃí tu dul ṫart leis an roilig? Ḃí ceaṫrar astíġ annsan roilig agus corp aca i g-cóṁra. Ḃí beirt aca ag iarraiḋ an corp a ċur. Ḃí fiaċa air an g-corp. An ḃeirt ḟear a raiḃ na fiaċa aca air, ni raiḃ siad sásta an corp a ċur. Ḃí siad ag arigeal (árgúint). Ḃí tusa