Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/162

This page has not been proofread.

148

téiḋ ċum an stábla agus luiḋ air ṗonnann anaice leis an láir ḋuinn.” Níor ḃ’ḟada go dtáinig inġean na cailliġe ċuige, agus duḃairt, “Is olc an leabuiḋ tá agad.” “Ní’l áraċ (neart) air,” ar san mac ríġ. “Tá go deiṁin,” ar san cailín. Ann sin ċuaiḋ sí do’n láir ḋuinn, agus ṫarraing leabuiḋ breáġ cluiṁ as a cluais, agus ṡocruiġ sí do’n ṁaċ ríġ é. Ann sin ṫug sí ḋó mairt-ḟeóil, caoir-ḟeóil, agus fíon, agus duḃairt leis “bí súgaċ.” D’iṫ sé agus d’ól sé a sáiṫ. D’imṫiġeadar go teaċ an ríġ. Ḃí fáilte ṁór ag an ríġ roiṁ a ṁac. An lá air n-a ṁáraċ ṗós mac an ríġ inġean na cailliġe. Ḃí bainḟeis aca air feaḋ seaċt n-oiḋċe agus seaċt la.