149
RIDIRE NA CLEASA.
Annsan tsean-aimsir ḃí duine-uasal ann. Ní raiḃ aċt aon ṁac aṁáin aige, agus nuair d’ḟás an t-ógánaċ suas ċuaiḋ an t-aṫair ag tóruiġeaċt mná ḋó. Ṫáinig sé go teaċ feilméara a raiḃ inġean le pósaḋ aige agus d’iarr sé air an ḃfeilméar a inġean do ṫaḃairt d’á ṁac mar ċéile. Duḃairt an feilméar leis naċ dtiuḃrad sé a inġean do ḟear air biṫ aċt d’ḟear-ceirde. Ḃí mac an ḋuine uasail i ngráḋ le h-inġin an ḟeilméara agus duḃairt sé le n-a aṫair, “Caiṫfiḋ mé céird ḟóġlaim, agus fanfaiḋ inġean an ḟeilméara liom.” An lá air na ṁáraċ d’imṫiġ an t-aṫair agus an mac agus ḃíḋeadar ag siúḃal go dtángadar go bruaċ na fairrge. Ċonnairc siad fear air luing, d’ḟíafruiġ sé ḋíoḃ creud do ḃí siad ag tóruiġeaċt. “Tá mé tóruiġeaċt fir a ṁúinfeaḋ céird do m’ ṁac,” ar san t-aṫair. “Má leigfiḋ tu liom-sa é,” ar san Ridire, “múinfiḋ mise ceird dó, agus ḃéarfaiḋ me arís duit é, faoi ċeann lá agus bliaḋain.” “Táim