Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/166

This page has not been proofread.

152

Lá air na ṁáraċ ċuaiḋ an ḃeirt go teaċ an ḟeilméara, agus d’iarr siad an inġean. “Taisbéan dam ḃfuil céird ag do ṁac” ar san feilméar. Ċuadar amaċ agus rinne an mac teaċ breáġ a raiḃ ceiṫre reiṫe faoi. Ċuadar uile asteaċ, agus d’imṫiġ an teaċ air na reiṫiḃ mar ċóiste mór, “Tá mé sásta go ḃfuil céird ag do ṁac,” ar san feilméar, “tig leis m’inġean a ḃeiṫ aige.” Pósaḋ an lánaṁain, agus ḃí mic agus inġeana go leór annsan teaċ-air-reiṫiḃ. Fuair siad-san an t-áṫ agus sinne na cloċáin, báiṫeaḋ iad-san agus ṫáinig sinne slán.