153
MINIC-A-ṪIG.
Ḃí fear ann aon uair aṁáin agus ḃí inġean sgiaṁaċ aige, agus ḃí uile ḋuine i ngráḋ léiṫe. Ḃiḋeaḋ beirt ógánaċ ag teaċt i g-cóṁnuiḋe faoi ’na déin ’gá cúirtéireaċt. Do ṫaiṫniġ fear aca léiṫe, agus níor ṫaiṫniġ an fear eile. An fear nár ċuir sí suim air biṫ ann, do ṫigeaḋ sé go minic go tiġ a h-aṫar le h-aṁarc uirri féin agus le ḃeiṫ ann a cuideaċta, aċt an fear a raiḃ dúil aici ann, ní ṫigeaḋ sé aċt go h-anaṁ. B’ ḟearr leis an aṫair í do ṗósaḋ an ḃuaċaill a ḃí teaċt ċuici go minic, agus rinne sé dínéir ṁór, aon lá aṁáin, agus ċuir sé cuireaḋ air uile ḋuine. Nuair ḃí na daoine uile cruinniġṫe, duḃairt sé le na hinġin, “Ól deoc anois,” ar sé, “air an ḃfear is fearr leaċ annsan g-cuideaċta so,” mar ṡaoil sé go n-ólfaḋ sí deoċ air an ḃfear buḋ ṁaiṫ leis féin. Ṫóg sí an ġlaine ann a láiṁ, agus ṡeas sí suas, agus ḋearc