Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/169

This page has been proofread.

155

AN SEAN-ṖRÉACÁN AGUS AN PRÉAĊÁN ÓG.

Ḃí sean-ṗréaċán ag múnaḋ préaċáin óig, aon lá aṁáin, agus duḃairt sé leis. “Nois a ṁic,” ar seisean, “éist leis an g-cóṁairle tá mise taḃairt duit. Má ḟeiciḋ tu duine teaċt anaice leat agus ag cromaḋ, fanaic ṫu féin, agus bí air do ċoiṁéad,—tá sé cromaḋ air ċloiċ le na caṫaḋ leat.”

“Aċt innis dam,” ar san préaċán óg, creud do ḋeunfainn dá mbeiṫeaḋ an ċloċ aige ċeana, ṡíos ann a ṗóca.”

“Maiseaḋ ‘hugaiḋ’” leat, ar san sean-ṗréaċán, “ṫá tu múinte do ṡáiṫ, diaḃal múnaḋ eile is féidir liom-sa ṫaḃairt duit.”