Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/177

This page has been proofread.

163

leósan. Annsin ṫoisiġ sé ag taṫfant ċoṁ árd a’s d’ḟeud sé, agus níor ḃfad go dtáinig cailleaċ amaċ agus uile ḟiacal ann a ceann ċoṁ fada leis an teangas, “cad tá siḃ a’ deunamṁ air an g-coileán,” ar san ċailleaċ.

“Ċuaiḋ geirrḟiaḋ asteaċ ann do ṫeaċ agus ní leigfiḋ an madaḋ so asteaċ sinn ’nna ḋiaiġ,” ar fear de na fir (fearaiḃ) seilge.

“Luiḋ síos a ċoileáin,” ar san ċailleaċ. Ann sin duḃairt sí, “Tig liḃ teaċt asteaċ má’s mian liḃ.” Bhí faitċios air na seilgiriḃ do ḋul asteaċ, aċt d’ḟiafruiġ fear aca, “ḃḟuil aon duine annsan teaċ leat?” “Tá seisear deirḃṡiúir,” ar san ċailleaċ. Buḋ ṁaiṫ linn iad d’ḟeiceál (d’ḟeicsint) ar sna seilgiriḋ. Ní túisge duḃairt siad an focal ’ná ṫáinig na cailleaċa eile amaċ, agus ḃí fiacla ag gaċ aon aca ċoṁ fada le ċéile. A leiṫeid de aṁarc ni ḟacaiḋ na fir seilge ariaṁ roiṁe sin.

Ċuadar ṫríd an g-coill agus ċonnairc siad móirṡeisear préaċáin-ingneaċ’ air aon ċrann aṁáin agus iad a’ sgreiċ. Ṫoisiġ na seilgiriḋ ag pleusgaḋ urċar ’nna ndiaiġ, aċt da mbeiḋeaḋ siad annsin ó ṡoin ní ṫiúḃraḋ siad aon aca anuas.