Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/179

This page has not been proofread.

165

d’ eitill suas air ċrann mór a ḃí os cionn an tíġe.

Ṫoisiġ an sagart a’ teannaḋ asteaċ air an madaḋ, go raiḃ sé i bfoigse cúpla troiġ ḋó. Ṫug an madaḋ léim suas, ḃuail an sagart ’sa’ mbrollaċ le na ċeiṫre cosaiḃ, agus ċuir air a “ṫar-anáird” é. Nuair ṫóg na fir seilge é, ḃí sé boḋar agus balḃ aċt níor ċorruiġ an madaḋ ó’n doras. Ṫugadar an sagart aḃaile agus ċuireadar fios air an easbog. Nuair ṫáinig sé agus nuair ċualaiḋ sé an sgeul ḃí brón mór air. Ċruinniġ an pobal agus d’iarradar air, cailleaċa na draoiġeaċta do ḋíbirt ar an g-coill. Ḃí faitċios agus náire air, agus ní raiḃ ḟios aige creud do ḋeunfaḋ sé, aċt duḃairt se leo. Ní’l slíġe agam le na ndíbirt go dtéiḋ’ mé aḃaile aċt tiucfaiḋ mé faoi ċeann míosa agus díbeóraiḋ mé iad. Ḃí an sagart róḃreóiḋte le rud air biṫ a ḋeunaṁ.

Buḋ é an madaḋ mór duḃ aṫair na g-cailleaċ, agus buḋ é a ainm Diarmuid O Mulṁúinne. Do ṁarḃ a ṁac féin é, mar fuair sé é ’nna ċodlaḋ le na ṁnaoi an oiḋċe an- ḋiaiġ a ṗósta, agus ṁarḃ sé na deirḃṡiúireaċa le faitċios go n-innseóċaḋ siad air.