Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/181

This page has not been proofread.

167

rinne an t-aṫair. “Is cruaiḋ é ḃúr g-cás,” ar san t-easbog, “aċt caiṫfimíd ċur suas le toil an árd-ḃreiṫiṁ, agus ní ċuirfiḋ mé aon trioblóid orraiḃ.” “Geoḃaiḋ tú fuagraḋ nuair a ḃéiḋ sinn imiṫġṫe as an g-coill,” ar san ċailleaċ. Ann sin d’imṫiġ sí uaiḋ.

Air maidin, lá air na ṁáraċ. ṫáinig an t-easbog go Loċ-Glinne. Ċuir sé fuagraḋ amaċ agus ċruinniġ an pobal. Ann sin duḃairt sé leó, “Is é toil an árd-ríġ naċ mbéiḋ cúṁaċt na draoiġeaċta díbirte go dtí lá agus bliaḋain eile, agus caiṫfiḋ siḃ congḃáil as an g-coill go dtí sin. Is mór an t-iongnaḋ liom naċ ḃfacaiḋ siḃ na cailleaċa draoiġeaċta go dtáinig na fir seilge as Ḃ’l’acliaṫ, is truaġ nar ḟan siad ’sa’ mbaile.”

Timċioll seaċtṁain ’nna ḋiaiġ sin, ḃí an sagart aon lá aṁáin leis féin, ann a ṡeomra. Buḋ lá róḃreáġ é agus ḃí án ḟuinneóg fosgailte. Ṫáinig spideóg an ḃrollaiġ ḋeirg asteaċ agus luiḃ ḃeag ann a beul. Ṡín an sagart a lámṁ amaċ agus leig sise an luiḃ uirri. “B’ éidir gur b’ é Dia do ċuir an luiḃ seó ċugam,” ar san sagart leis féin, agus d’ iṫ sé í. Ní raiḃ se móimid iṫte aige go raiḃ sé ċoṁ slán a’s ḃí sé ariaṁ, agus