Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/182

This page has not been proofread.

168

duḃairt sé, “Míle buiḋeaċas do ’n té a ḃḟuil cúṁaċta aige níos láidre ’ná cúṁaċt na draoiġeaċta.” Ann sin duḃairt an spideóg, “An cuiṁin leat spideóg na coise briste a ḃí agad, ḋá ḃliaḋain, an geimṁreaḋ so ċuaiḋ ṫart?” “Is cuiṁin liom go deiṁin,” ar san sagart, “aċt d’imṫiġ sí uaim’ nuair ṫáinig an saṁraḋ.” “Is mise an spideóg ċeudna agus mur (muna) mbeiḋeaḋ an ṁaiṫ a rinne tu ḋam ni ḃeiḋinn beó anois, agus ḃeiḋeá-sa boḋar agus balḃ air feaḋ do ḃeaṫa. Glac mo ċóṁairle anois agus ná téiḋ anaice le cailleaċaiḃ na fiacla fada níos mó, agus ná h-innis d’aon duine beó go dtug mise an luiḃ duit.” Ann sin d’eitill sí uaiḋ.

Nuair ṫáinig a ḃean-an-tiġe ċuige, ḃí iongantas uirri go raiḃ caint agus éisteaċt aige. Ċuir sé sgeul ag an easbog agus ṫáinig se go Loċ-Glinne. D’ ḟiafruiġ sé de’n tsagart cia an ċaoi a ḃfuair sé biseaċ ċoṁ h-obann. “Is rún é,” ar san sagart, “aċt ṫug cara aiṫriġe luiḃ ḃeag dam agus ṡlánuiġ sí mé.

Nior ṫárla aon niḋ eile fiú innsint go raiḃ an ḃliaḋain imṫiġṫe. Aon oiḋċe aṁáin ’nna ḋiaiġ sin, ḃí an t-easbog ann a ṡeomra,