176
dtaisbéanfaiḋ mé an soiléar daoiḃ, tá neart fíona agus leanna ann agus tig liḃ ḃúr sáiṫ do ṫarraing.” Nuair ṫaisbéan se an soiléar dóiḃ, ċuaiḋ sé amaċ, agus ċuir glas air an doras ’nna ḋiaiġ. Ann sin du- ḃairt Dóṁnal leis an ḃfear boċt, “cuir na neiṫe le n-iṫe air an mbord, agus raċaiḋ mise i g-coinne an leanna.” Ann sin fuair sé solas agus crúisgín agus ċuaiḋ síos ann- san tsoiléar. An ċeud ḃairille a ṫáinig sé ċuici, ċrom sé síos le tarraing aisti, nuair duḃairt guṫ. “Stop! is liom-sa an ḃairille sin.” D’ḟeuċ Dóṁnal suas agus ċonnairc sé fear beag gan ċeann le na ḋá ċois sġarṫa air an mbairille.
“Má ’s leat é,” ar Dóṁnal, “raċad go ceann eile.” Ċuaiḋ sé go ceann eile, agus nuair ċrom sé le tarraing, duḃairt Colann- gan-ċeann, “is liom-sa an ḃairille sin.” “Ní leat iad uile,” ar Dóṁnal, “raċad go ceann eile. Ċuaiḋ sé go ceann eile agus nuair ṫoisiġ sé a’ tarraing duḃairt Colann gan- ċeann, “is liom-sa é sin.” “Is coma liom,” ar Dóṁnal, “líonfad mo ċrúisgín.” Rinne sé sin, agus ṫáinig suas ag an ḃfear boċt, aċt níor innis sé ḋó go ḃfacaiḋ sé Colann-gan-ċeann. Ann sin ṫoisiġ siad ag iṫe agus ag ól, go