Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/196

This page has not been proofread.

182

dtí an caisleán, ṫóg sé an leac, agus nuair ċonnairc sé an t-ór, duḃairt sé, “tá ’s agam anois go ḃfuil an sgeul fíor.”

Nuair fuair sé iomlán an eólais ó Ḋóm- hnal, fuair sé barántas anaġaiḋ an ḃuit- léir, aċt ċeil sé an ċoir. Nuair rugaḋ an buitléar i láṫair an ḃreiṫiṁ ḃí Dóṁnal ann sin agus ṫug fiaḋnuise. Ann sin do léiġ an breiṫeaṁ as a ṗáipéaraiḃ, agus du- ḃairt, “Ní ṫig liom an fear só ḟáġail cionn- taċ, ġan níos mó d’ḟiaḋnuise.”

“Tá mise ann só,” ar Colann-gan-ċeann a’ teaċt taoḃ ṡiar de Ḋóṁnal. Nuair ċon- nairc an buitléar é duḃairt sé leis an mḃreiṫeaṁ “ná téiḋ níos faide, tá mé cionn- taċ; ṁarḃ mé an fear, agus tá a ċeann faoi leic an teaġlaiġ ann a ṡeómra féin.” Ann sin d’ orduiġ an breiṫeaṁ an buitléar do ċroċaḋ, agus d’ imṫiġ Colann-gan- ċeann.

Lá air na ṁáraċ pósaḋ Dóṁnal le h-inġin an duine-uasail agus fuair sé spré ṁór léiṫe, agus ċuaiḋ sé ’nna ċóṁnuiḋe annsan g-caisleán. Seal gearr ’nna ḋiaiġ seó, fuair sé a ċóiste réiḋ, agus ċuaiḋ air cuairt ag a ṁáṫair.

Nuair ċonnairc Diarmuid an cóiste teaċt,