Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/197

This page has not been proofread.

183

ní raiḃ ḟios aige cia an duine mór do ḃí ann. Ṫáinig an ṁáṫair amaċ, agus riṫ sí ċuige, a’ ráḋ, “Naċ tu mo Ḋóṁnal féin, gráḋ mo ċroiḋe ṫú, ḃíḋeas ag guiḋe air do ṡon o d’imṫiġ tu.” Ann sin d’iarr Diar- muid párdún air, agus fuair uaiḋ é. Ann sin ṫug Dóṁnal sporán óir dó, ag ráḋ leis ’san am ceudna, “sin luaċ an dá uallaċ coirce agus na g-capall, agus na cairte.” Ann sin duḃairt sé le na ṁáṫair, buḋ ċóir duit teaċt aḃaile liom-sa, tá caisleán breáġ agam gan aon duine ann, aċt mo ḃean agus na searḃḟóġantaiḋ.” “Raċad leat,” ar san ṁáṫair agus fanfad leat go ḃfáġ’ mé bás.” Ṫug Dóṁnal an ṁáṫair aḃaile leis, agus ċaiṫeadar beaṫa ṡona le ċéile annsan g-caisleán.