Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/199

This page has not been proofread.

185

bean-uasal a ḃí annsan g-cúirt, léiṫe, “ḃéarfaiḋ mise bainne agus leiġeas duit, agus béiḋ do ṁac ċoṁ slán faoi ċeann uaire agus ḃí sé ariaṁ.” Ann sin ṫug sí canna- stáin dí agus duḃairt, “Téiḋ aḃaile anois, ní ḃéiḋ an canna sin folaṁ ċoṁ fada agus ḃéiḋeas (béiḋ) tusa no do ṁac beó, má ċong- ḃuigeann tu an rún, gan innsint do ḋuine air biṫ go ḃfuair tu ann só é. Nuair a raċas tu aḃaile cuir greim de ṡeamar-Ṁuire annsan mbainne, agus taḃair do d’ ṁac é.

Ċuaiḋ an ḃaintreaḃaċ aḃaile, ċuir an seámar-Ṁuire ’sa’ mbainne, agus ṫug deoċ do’n ṁac, agus d’ éiriġ sé faoi ċeann uaire ċoṁ slán agus ḃí sé ariaṁ. Annsin ċuaiḋ an ḃaintreaḃaċ tríd na bailtiḃ leis an g-canna, agus ní raiḃ duine dá dtug sí deoċ dó, naċ raiḃ leiġeasta faoi ċeann uaire. Níor ḃfada go ndeacaiḋ cáil Ṁáire ní Ċíaraċáin, b’é sin ainm na baintreaḃaiġe, tríd an tír, agus níor ḃfada go raiḃ lán a’ ṁála d’ ór agus d’airgiod aici- Aon lá aṁáin ċuaiḋ Máire go pátrún Ċoill- te-broncais, d’ól an iomarcuiḋ, ṫuit air meisge, agus leig an rún amaċ.

Ṫáinig trom-ċodlaḋ na meisge uirri, agus nuair ṁúsgail sí, ḃí an canna imṫiġṫe. Ḃí