Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/200

This page has not been proofread.

186

an oiread sin bróin uirri, gur ḃáiṫ sí í féin i n-áit d’ar b’ ainm Poll-bán, i ḃfoigse míle do Coillte-broncais.

Ṡaoil uile ḋuine anois go raiḃ canna an leiġis le fáġail aca i g-cúirt an Ċronnáin dá raċaḋ siad ann. Air maidin, lá air na máraċ, ċuaiḋ go leor daoine go dtí an ċúirt agus fuaireadar uile ḋuine a ḃí innti marḃ. Ċuaiḋ an ġáir amaċ agus ċruinniġ na ceudta daoine, aċt níor eud aon duine dul asteaċ, mar ḃí an ċúirt líonta de ḋeataċ, agus tinnteaċ agus toirneaċ a’ teaċt amaċ aisti.

Ċuireadar fios air an tsagart a ḃí i mBeallaċ-a’-doirín aċt duḃairt sé, ní’l sé ann mo ṗaráiste agus ní ḃéiḋ rud air biṫ agam le deunaṁ leis. An oiḋċe sin ċon- nairc na daoine solas mór annsan g-cúirt agus ḃí faitċios róṁór orra. Lá air na ṁáraċ ċuireadar sgeul go sagart go Lios- a’-ċoill, aċt ni ṫiucfaḋ sé mar naċ raiḃ an áit ann a ṗaráiste. Cuireaḋ fios air ṡa- gart go Cill-ma-ḃíḋ ann sin’ aċt ḃí an leiṫ- sgeul ceudna aige-sean.

Ḃí dream bráṫair boċt i g-Coillte-máin agus nuair ċualadar an sgeul ċuadar go dtí an ċúirt gan duine leó aċt iad féin.