187
Nuair ċuadar asteaċ ṫoisiġeadar ag ráḋ urnuiġṫe, aċt ní ḟacadar aon ċorp. Faoi ċeann tamaill d’imṫiġ an deataċ, sguir an tinnteaċ agus an toirneaċ, d’ḟosgail doras, agus ṫáinig fear mór amaċ. Ḃreaṫ- nuiġ na bráiṫre naċ raiḃ aige aċt aon t-súil aṁáin, agus ḃí sí sin ann a ċlár- eudain.
“Ann ainm Dé cia ṫú?” ar fear de na bráiṫriḃ. “Is mé Cronnán mac Ḃelóir na súile niṁe, ná bíoḋ aon ḟaitċios orraiḃ, ní ḋeunfad aon anaċain orraiḃ, mar is deiġ- ḟir misneaṁla siḃ. Tá na daoine do ḃí ann so imṫiġṫe ċum suaiṁnis síorruiḋe, anam agus corp. Tá ḟios agam go ḃḟuil siḃ boċt agus go ḃḟuil go leór daoine boċt timċioll orraiḃ. Seó ḋaoiḃ dá sporán, ceann aca ḋaoiḃ féin, agus an ceann eile le roinnt air na boċtaiḃ, agus nuair a ḃéiḋeas an méad sin caiṫte, tigiḋ arís. Ní de’n tsaoġal so mise, aċt ní ḋeun- fad anaċain do ḋuine air biṫ, mur (muna) ndeunfaiḋ siad orm-sa é i dtosaċ, agus congḃuiġiḋ uaim.”
Ann sin ṫug sé dá sporán dóiḃ agus du- ḃairt, “Imṫiġiḋ air ḃúr n-deaġ-obair anois.” D’imṫiġ na bráiṫre aḃaile, ċruin-