189
’ná tá tú.” “Ní’l beann agam-sa, air ḃúr g-cúṁaċta,” ar Cronnán, “tá níos mó de ċúṁaċta agam-sa ’ná tá ag an méad sa- gart atá i n-Éirinn.”
“Is breug atáir a’ ráḋ,” ar sna sagairt. “Feicfiḋ siḃ roinn ḃeag de m’ ċúṁaċta, anoċt,” ar Cronnán, “ní ḟágfaiḋ mé cleiṫ os ḃúr g-cionn, naċ ḃfuadóċaiḋ mé asteaċ ’san aḃainn úd agus dḟéudfainn siḃ ṁar- ḃaḋ le h-aṁarc mo ṡúile da dtógróċainn é. Geoḃaiḋ siḃ cleiṫeaċa ḃúr dtiġṫeaḋ ’san aḃainn air maidin amáraċ. Anois ná cuir aon ċeist eile orm, agus na bagair orm níos mó, no béiḋ sé níos measa ḋaoiḃ.”
Ṫáinig faitċios air na sagartaiḃ agus d’imṫiġeadar aḃaile, aċt níor ċreideadar go mbeiḋeaḋ a g-cuid tiġṫeaḋ gan ċleiṫ, roiṁ ṁaidin.
An oiḋċe sin, timċioll an ṁeoḋain-oiḋċe. ṫáinig sineán gaoiṫe, faoi ċleiṫeaċaiḃ tiġ- ṫeaḋ na sagart, agus d’ḟuaduiġ iad asteaċ ’san aḃainn os cóṁair na cúirte. Ní raiḃ cnáṁ annsna sagartaiḃ naċ raib ag craṫaḋ le faitċios, agus b’ éigin dóiḃ fosgaḋ ḟá- ġail i dtigṫiḃ na g-cóṁarsan go maidin.
Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫáinig na sagairt go dtí an aḃann os cóṁair na