Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/210

This page has been proofread.

196

ċailleaċ. “Cia an ċaoi ḃfuair tu eólas orm-sa?” ar san mac ríġ. “Is iomḋa lá maiṫ ċaiṫ me i g-caisleán d’aṫar-sa, i mBuiḋe-ṡaṁnaiḋ, agus tá eólas agam ort o rugaḋ ṫu,” ar san ċailleaċ.

Ann sin ġleus sí seire ḃreáġ ḋó agus ṫug dó é. Nuair d’iṫ agus d’ól sé a ṡáiṫ, duḃáirt sí leis, “rinne tu aistear fada andiú, tar liom go dtaisbéanfaiḋ mé leabuiḋ ḋuit. Ann sin ṫug sí go seómra breáġ é, ṫaisbéan leabuiḋ ḋo, agus ċuaiḋ an mac ríġ ’nna ċodlaḋ. Níor ṁúsgail sé go raiḃ an ġrian a’ teaċt asteaċ air na fuinneógaiḃ, an lá air na ṁáraċ. Ann sin d’éiriġ, agus ġleus é féin, agus ḃí a’ dul amaċ, nuair d’ḟiafruiġ an ċailleaċ dé, cia an áit a raiḃ sé dul. “Ní’l ḟios agam,” ar san mac ríġ, “d’ḟág me an baile le tobar Deire-an-Doṁain d’ḟáġail amaċ.” “Tá mise,” ar san ċailleaċ, “anḋiaiġ cuid ṁaiṫ d’áiteaċaiḃ do ṡiúḃal, aċt níor ċualaiḋ mé caint air ṫobar Deire-an-Doṁain ariaṁ roiṁe.”

D’imṫiġ an mac ríġ amaċ agus ḃí a’ siúḃal go dtáinig sé go ċros-ḃóṫar eidir ḋá ċoill. Ní raiḃ ḟios aige cia an bóṫar do raċaḋ sé. Ċonnairc sé suiḋeaċán faoi ḃonn crainn ṁóir. Nuair ċuaiḋ sé ċuige fuair