200
ais beó,” ar san sean duine, “aċt deunfaiḋ mé mo ḋíṫċioll duit-se; fan annso anoċt agus beiḋ spórt againn amáraċ.” Ann sin do ġleus se seire agus ṫug do’n ṁac riġ e, agus nuair d’ iṫ agus d’ ól sé, ċuir an sean duine ag codlaḋ é.
Air maidin lá air na ṁáraċ, dubairt an sean duine, “Fuair mé amaċ cá ḃḟuil tobar Deire-an-Doṁain, aċt is deaċair do ḋul ċuige, caiṫfimíd fáġail amaċ an ḃḟuil aon ṁaiṫ ionnad leis an lúb-teann. Ann sin ṫug sé an mac ríġ amaċ ’sa’ g-coill, ṫug lúb do, agus ċuir marc air ċrann dá ḟiċid slat uaiḋ, agus duḃairt leis a ḃualaḋ. Ṫarraing sé an lúb agus ḃuail an marc. “Deunfaiḋ tu an graiṫeaċ (gnó)” ar san sean duine. Ann sin ċuaiḋ siad asteaċ agus ċaiṫeadar an lá ag innsint sgeul. Nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ṫug an sean duine lúb agus punnann gaṫ geur dó, agus duḃairt, “Tar liom anois.” Ḃíḋeadar ag imṫeaċt go dtáncadar go h-aḃainn ṁóir. Ann sin duḃairt an sean duine, “Téiḋ air mo ḋruim,” agus snáṁfad ṫar an aḃainn leat, aċt, má ḟeiceann tu eun mór ag teaċt, marḃ é, no béiḋmíd caillte.”
Ann sin ċuaiḋ an mac ríġ air ḋruim an