Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/217

This page has not been proofread.

203

tsean duine, aċt níor innis sé ḋó go raiḃ na neiṫe sin leis. “Cia an ċaoi ċuaiḋ tu air d’ aġaiḋ?” ar san sean duine. “Fuaireas an níḋ do ḃí me ’g iarraiḋ,” ar san mac ríġ. “An ḃfacaiḋ tu aon iongantas ó d’ḟág tu mé?” ar san sean duine. D’ innis an mac ríġ ḋó go ḃfacaiḋ se builín agus buideul agus cloiḋeaṁ iongantaċ. “Níor ḃain tu leó?” ar san sean duine, “seaċain iad, mar ḃéar- faḋ siad trioblóid ort. Tar air mo druim anois go dtiúḃraiḋ me ṫar an aḃainn ṫu.

Nuair ċuaiḋ siad go teaċ an tsean duine ċuir sé uisge as an mbuideul air féin agus rinne sé fear óg dé féin. Ann sin duḃairt sé leis an mac ríġ, tá mo ḋeirḃṡiúr agus mé féin saor o ḋraoiġeaċt, agus tá siad-san ’nná mnáiḃ óga. D’ḟan an mac ríġ ann sin, go raiḃ an ċuid is mó de ’n lá agus blia- ḋain imṫiġṫe. Ann sin ṫoisiġ sé an t-ais- tear aḃaile, aċt mo leun ní raiḃ an gearrán beag aige. Ṡiúḃail sé an ċeud lá go raiḃ dorċadas ag teaċt air. Ċonnairc sé teaċ mór. Ċuaiḋ sé go dtí an doras, ḃuail é, agus ṫáinig fear an tíġe ċuige. “An dtig leat lóistín do ṫaḃairt dam,” ar sé. “Tig,” ar fear an tíġe, “aċt ní’l aon tso- las againn.” “Tá solas agam féin,” ar