Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/219

This page has not been proofread.

205

(sul) fuair sí bás gan aon níḋ d’iarrfaḋ duine orm i n-onóir do Ḋia d’eiteaċ dá ḃfeudfainn é.” Ann sin d’ḟág sé an buideul aca. Ṡiúḃail sé an treas lá go raiḃ dor- ċadas ag teaċt agus ṫáinig sé go teaċ mór air ṫaoiḃ an ḃóṫair. Ḃuail sé ag an doras, ṫáinig an fear tíġe amaċ, agus d’iarr sé lóistín air. “Tig liom sin do ṫaḃairt duit agus fáilte, aċt tá brón orm naċ ḃfuil aon ġreim aráin agam duit.” “Tá neart aráin agam féin,” ar san mac ríġ. Ċuaiḋ sé as- teaċ, fuair sgian, agus ṫoisiġ ag gearraḋ an ḃuilín go raiḃ an bord líonta de ṗíosaiḃ aráin agus fós ḃí an builín ċoṁ mór a’s ḃí sé nuair ṫoisiġ sé. Ann sin ġleusadar seire ḋó, agus nuair d’iṫ sé a ṡáiṫ ċuaiḋ sé ’nna ċodlaḋ.

Nuair ḃí sé ’g imṫeaċt air maidin, d’iar- radar air i n-onóir do Ḋia, an builín d’ḟág- ḃáil aca, agus d’ḟág sé aca é. Anois ḃí na trí neiṫe imṫiġṫe uaiḋ.

Ṡiúḃail sé an ceaṫraṁaḋ lá go dtáinig sé go h-aḃainn ṁóir, agus ní raiḃ aon tslíġe aige le dul ṫairsi. Ċuaiḋ sé air a ġlú- naiḃ agus d’iarr air Ḋia coḃair do ċur ċuige. Faoi ċeann leaṫṁóimid’ ċonnairc sé an ḃean áluin a ċonnairc sé an lá a