Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/220

This page has been proofread.

206

d’ḟág sé teaċ na ceud-ċailliġe. Nuair ṫáinig sí i ngar dó duḃairt sí, “A ṁic Ríġ Ċaisleáin Buiḋe-ṡaṁnaiḋ ar éiriġ leat?” “Fuair mé an níḋ a ḃí mé a’ tóruiġeaċt,” ar san mac ríġ, “aċt ní’l ḟios agam cia an ċaoi a raċfaiḋ mé ṫar an aḃainn seó.” Ṫarraing sí amaċ méaracán agus duḃairt, “Is olc an lá d’ḟeicfinn mac d’aṫar gan ḃád. Ann sin ċaiṫ sí an meuracán ’san aḃainn agus rinne bád breáġ ḋé.

“Téiḋ asteaċ ’sa’ mbád sin anois, agus nuair raċfaiḋ tu an taoḃ eile, béiḋ eiċ (eaċ, capall) róṁad le do ṫaḃairt ċoṁ fada leis an g-cros-ḃoṫar ’n áit a d’ḟág tu do ḋear-ḃráiṫreaċa. Cuaiḋ an mac ríġ asteaċ ’sa’ mbád, agus níor ḃfad go raiḃ sé air an taoiḃ eile, agus ḃí eiċ (eaċ) bán ann sin roiṁe. Ċuaiḋ sé a’ marcuiġeaċt agus d’imṫiġ an t-eiċ ċoṁ tapa leis an ngaoiṫ. Timċioll an dó-deug a’ ċloig an lá sin, ḃí sé ag an g-cros-ḃóṫar. D’ḟeuċ an mac ríġ ṫart, aċt ní ḟacaiḋ sé na dearḃráiṫreaċa ná aon ċloċán, agus duḃairt sé leis féin “b’éidir go ḃfuil siad ag an teaċ-ósta.” Ċuaiḋ sé go dtí an áit sin, agus fuair Art agus Neart agus iad dá dtrian air meisge.