Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/221

This page has not been proofread.

207

D’ḟiafruiġeadar dé cia an ċaoi ċuaiḋ sé air aġaiḋ ó d’ḟág sé iad. Fuair mé amaċ tobar Deire-an-Doṁain agus tá an buideul uisge agam,” ar Ceart.

Ḃí Neart agus Art líonta d’eud, agus duḃairt siad le ċéile, “is mór an náire go mbeiḋeaḋ an ríoġaċt ag an mac is óige; “marḃfamaoid é, agus ḃéarfamaoid an buideul uisge dom’ aṫar,” ar Neart, “agus déurfamaoid gur sinn féin a ċuaiḋ go tobar Deire-an-Dóṁain.” “Ní’l mé leat ann sin,” ar Art, “aċt cuirfimíd air meisge é, agus bainfimíd an buideul dé. Creidfiḋ m’ aṫair ṫusa agus mise sul ċreidfiḋ sé ár ndear- ḃráṫair, mar tá tuairm aige maċ ḃḟuil ann aċt leaṫ-amadán.

Ann sin duḃairt sé le Ceart, “ó ṫárla go dtáncamar aḃaile slán saḃálta béiḋ deoċ againn seal má (sul) ṫéiḋmíd aḃaile.” Ġlaoḋ siad air ċárt biotáile agus ċuirea- dar iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air Ċeart an ċuid is mó ḋé d’ ól, agus ṫuit sé air meisge. Ann sin ḃaineadar an buideul uisge ḋé, ċuadar aḃaile, agus ṫugadar do’n ríġ é. Ċuir sé braon air a ċois, agus rinne sé í ċoṁ maiṫ agus ḃí sí ariaṁ.

Ann sin d’innis siad dó go raiḃ trioblóid