Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/222

This page has not been proofread.

208

ṁór orra leis an mbuideul uisge d’ḟáġail, gur b’éigin dóiḃ faṫaiġ do ṫroid, agus do ḋul tré ḋainseur mór. “An ḃfacaiḋ siḃ Ceart air ḃúr mbealaċ?” ar san ríġ. “Ní ḋeacaiḋ sé níos faide ’ná an teaċ-ósda ó d’ḟág sé só,” ar siad-san, “agus tá sé ann anois, dall air meisge.” “Ní raiḃ aon ṁaiṫ ann ariaṁ,” ar san ríġ, aċt ní ṫig linn a ḟágḃáil ann sin.” Ann sin ċuir sé seisear fear go dtí an teaċ-ósda, agus d’iomċar siad Ceart aḃaile.

Nuair ṫáinig sé ċuige féin, rinne an ríġ searḃḟóġanta ḋé, a ḋéunfaḋ uile obair ṡalaċ timċioll an ċaisleáin.

Nuair ḃí lá agus bliaḋain imṫiġṫe, ṁús- gail bainríoġan ṫobair Deire-an-Doṁain agus na mná cóiḃdeaċ’, agus fuair an ḃain- ríoġan mac óg le na taoiḃ.

Ḃí fearg ṁór air an mbainríoġain, ċuir sí fios air an leóṁan agus air an uill- ṗéist, agus d’ḟiafruiġ sí creud do ṫárla do’n iolar a d’ḟág sí ag cúṁdaċ an Ċais- leáin.

“Caiṫfiḋ sí ḃeiṫ marḃ, no ḃeiḋeaḋ sí ann so, nuair ṁúsgail tu,” ar siad.

“Tá mé sgriosta mé féin, agus na mná- cóiḃdeaċ’ millte, ar san ḃainríoġan agus