210
Ṫarraing sí an cuaile-corraic, agus ṫai- nig an ríġ amaċ. “Ḃḟuil aon ṁac agad?” ar san ḃainríoġan. “Tá,” an san ríġ. “Cuir amaċ ann só é, go ḃfeicfiḋ mé é,” ar sise. Ċuir an ríġ Art amaċ, agus ḋ’ḟiaf- ruiġ sí ḋé “An raiḃ tu ag tobar Deire-an- Doṁain. “Ḃíḋeas,” ar Art. “An tu aṫair mo ṁic,” ar sise. “Creidim gur mé,” ar Art. “Béiḋ ḟios agam gan ṁoill,” ar sise. Ann sin ṫarraing sí dá ribe as a ceann, ċaiṫ anaġaiḋ an ḃalla iad, agus do rinneaḋ dréimire ḋíoḃ a ċuaiḋ suas go bárr an ċaisleáin. Ann sin duḃairt sí le h-Art, “má ḃí tu ag tobar Deire-an-Doṁain, “tig leat dul suas go bárr an ḋréimire sin,” ċuaiḋ Art suas leaṫ-ḃealaiġ; ann sin ṫuit sé agus briseaḋ a ċoróg. “Ní raiḃ tusa ag tobar Deire-an-Doṁain,” ar san ḃainrío- ġan. Ann sin d’ḟiafruiġ sí de’n ríġ, “ḃḟuil aon ṁac eile agad?” “Tá,” ar san ríġ. “Taḃair amaċ é,” ar san ḃainríoġan. Ṫái- nig Neart amaċ, agus d’ ḟiafruig sí ḋé, “an raiḃ tu ag tobar Deire-an-Doṁain?” “Ḃíḋeas,” ar Neart. “Má ḃíḋis, téiḋ suas go bárr an ḋréimire sin,” ar san ḃainrío- ġan.
Ṫoisiġ sé a’ dul suas aċt ṫuit sé agus