This page has been proofread.
212
ṫiġeadar go tobar Deire-an-Doṁain. Ċuir na mná cóiḃdeaċ’ fáilte mór roiṁ an mac ríġ agus ḃí gaċ aon aca ag iarraiḋ air í do ṗósaḋ.
D’ḟan sé ann sin bliaḋain agus fiċe, go ḃfuair an ḃainríoġan bás, agus ann sin ṫug sé a ḋa-ḋeug ċlanna-ṁac leis, agus ṫáinig aḃaile go Gailliṁ. Ṗós gaċ aon aca bean, agus is uaṫa ṫáinig dá-ṫreiḃ-deug ċondaé na Gailliṁe.
CRÍOCH.