Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/23

This page has been proofread.

9

Innsiḋ me sin duit, dḟág se agam a raiḃ faoi ’n talaṁ agus os a ċionn.”

Duḃairt an riġ, “Níl ḟios agam cia agaiḃ a d-triúr a ndeunfaiḋ me an ċoill do, aċt cia b’é air biṫ agaiḃ é is sinne, deunfaiḋ me an ċoill do.”

“Tá mise,” (ar fear aca.)

“Cad é an aois agad-sa?”

“Tá me ċoṁ sean go ḃfuair me lán ‘slúip’ (loinge) de rásúir, nior ṗronn (ḃronn) me aon ċeann aca, nior ċaill me aon ċeann aca aċt a g-caṫaḋ uile go léir ag baint na feusóige ḋiom.”

“Ta mise ċoṁ sean leis,” duḃairt an dara fear.

“Cad é an aois agad-sa? ni ṫiucfaḋ leat ḃeiṫ ċoṁ sean leis an ḟear údí (úd).”

“Ta me ċoṁ sean go ḃfuair me luċt slúip de ṁeuraċaín, nior ċaill me ceann aca, nior ṗronn me ceann aca, aċt a g-caṫaḋ uile go léir ag táilliúraċt.”

“Ta mise ċoṁ sean leis,” ar san trioṁaḋ duine.

“Cad é an ċaoi a d-tiucfaḋ leat-sa ḃeiṫ ċoṁ sean leó-san? cad é an aois atá agad?”

“Fuair me luċt slúip de ṡnáṫadaiḃ cruaiḋe, nior ċaill me ceann aca, agus nior