Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/27

This page has been proofread.

13

rud air biṫ a ráḋ leis, aċt do ḃeiḋeaḋ a ṫoil feín aige ’nn a ḋiaiġ sin.

Aon oiḋċe aṁáin ḃi an ṁuiríġin uile ’nna suiḋe ag an teine, agus ag innsint sgeul agus ag deunaḋ grinn doiḃ feín, agus ḃi seisean ’nna measg. Duḃairt an t-aṫair leis, “A Ġoillís,” ar se, “tá tu bliaḋain agus fiċe d’aois anoċt, agus creidim nár niġ tu do ċosa, o’n lá a rugaḋ ṫu go dti anois.” “Ṫug tu d’éiṫeaċ,” ar Goillís ḃi me ag snáṁ lá Bealtaine, agus nior feud me mo ċosa ċongḃáil as an uisge.” “Bhi siad ċoṁ salaċ a’s ḃi siad ariaṁ nuair ṫáinig tu ċum na tráiġe” ar san t-aṫair.” “Bhi siad sin, go cinnte” ar Goillís. “Sin é an rud atá me ráḋ,” ar san t-aṫair “naċ raiḃ ionnat do ċosa niġe riaṁ.” “Agus ni niġfead go lá mo ḃáis,” ar Goillís. “A ḃiṫeaṁnaiġ ḃradaiġ! a ḃodaiġ! a ṫincéir! a stróinse gan ṁaiṫ! cad é ’n sórt freagarṫa é sin?” ar san t-aṫair agus ṫarraing se an láṁ agus ḃuail se dorn cruaiḋ air Goillís air a leiṫ-ceann, “bi ’g imṫeaċt,” ar se, “ni ḟeudaim seasaṁ leat.”

D’éiriġ Goillís agus ċuir se a láṁ ċum a ġeíll, ’n áit a ḃfuair se an dorn. “Aċt gur tusa atá ann,” ar se, “do ṫug an buille