Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/38

This page has not been proofread.

24

nuair ḋearc se uaiḋ, ṡaoil se naċ ḃfaca se aon rud ariaṁ ċoṁ breáġ leis an méad a ċonnairc se. Ḃi ceud bord leagṫa amaċ agus a lán biḋ agus díġe air gaċ bord aca, feóil agus cácaiḋ agus milseóga, agus fíon agus lionn agus gaċ deoċ d’á ḃfaca duine riaṁ.

Ḃi na fir-ċeóil ag dá ċeann na h-álla sin, agus iad ag deunaṁ an ċeóil buḋ ṁillse do ċualaiḋ cluas duine riaṁ, agus ḃi tuilleaḋ daoine, mná óga agus ógánaiġ galánta i lár na h-alla sin, ag daṁsa agus ag deunaṁ ringce, agus ag dul ṫart ċoṁ luaṫ agus ċoṁ h-éadtrom sin gur ċuir se “suarán” i g-ceann Ġoillís le ḃeiṫ ag dearcaḋ orra. Ḃi tuilleaḋ ann ag deunaṁ cleasa, agus tuilleaḋ ag deunaṁ grinn agus gáire, mar naċ raiḃ a leiṫeid de ḟeusta ann sa’ b-Frainc le fiċe bliaḋam a’s do ḃi an lá sin, mar naċ raiḃ aon ċlann beó ag an t-sean-ríġ aċt an t-aon inġean aṁáin, agus ḃi si le ḃeiṫ pósta le mac riġ eile an oiḋċe sin. Tri lá ḃi an feusta ’gá ċaṫaḋ agus ḃi si le ḃeiṫ pósta an trioṁaḋ oiḋċe, agus buḋ h-í sin an oiḋċe a ṫáinig Goillís agus na Sideóga ag súil leis an inġean óg d’iomċar leó dá ḃfeudfaḋ siad.

Ḃi Goillís agus a ċomráidiḋ ’nn a seasaṁ