Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/41

This page has not been proofread.

27

áluin, nuair ċualaiḋ se sin, agus ḃi a ċroiḋe briste nuair ṡaoil se go mbuḋ éigin di an fear ṗósaḋ naċ raiḃ aon dúil aici ann, no (rud buḋ ṁeasa ná sin) síḋeóg ġránna ġlacaḋ mar ḟear: aċt nior laḃair se aon ḟocal, ciḋ nár ḟeud se gan iomad mallaċt ṫabairt do’n ṁi-áġ do ḃi i ndán do feín, agus é ag congnaṁ leis an dream do ḃi le na fuadaċ ó n-a teaċ agus ó n-a h-aṫair.

Ṫosuiġ se ag smuaineaḋ ann sin creud do buḋ ċoír do a ḋeunaḋ le na sáḃáil, aċt nior ḟeud se cuiṁniuġaḋ air dadaṁ. “O dá dtiucfaḋ liom coḃair no fóiriġín ṫaḃairt di, buḋ ċuma liom beó no marḃ me,” ar seisean ann a inntinn féin, “aċt ni ḟeicim rud air biṫ is féidir liom ḋeunaḋ ḋi.”

Ḃi se dearcaḋ ann sin mar ṫáinig mac an riġ suas ċuici, agus é ag iarraiḋ póige, uirri, aċt ṫionntaiġ si a ceann air ais uaiḋ. Ḃi truaġ ḋúbalta air Ġoillís ann sin, nuair ċonnairc se an buaċaill ag breiṫ air a láiṁ baín ṁín agus ’gá tarraing amaċ le ringce. Ċuaiḋ siad ṫart annsa daṁsa i ḃfogus do Ġoillís agus buḋ léur do go maiṫ go raiḃ deór ann a súil.

Nuair ḃi an daṁsa sin ṫart, ṫainig a h-aṫair, an sean-Ríġ, agus a máṫair, an ḃain-