28
rioġan, asteaċ, agus duḃairt siad gurb’ é sin an t-am ceart le na pósaḋ, go raib an t-easpog réiḋ, agus a leabuiḋ gleusta, agus go mbuḋ ṁíṫid di ḃeiṫ tugṫa d’á fear anois, aġus fáinne an ṗósta do ċur uirri.
Ċuir an sean-Riġ gáíre as, “dar m’onoír,” ar se “tá an oiḋċe beag naċ caiṫte, aċt deunfaiḋ mo ṁac oiḋċe ḋo féin, mise mo ḃannaiḋ naċ n-éireoċaiḋ se go moċ amáraċ.”
“Maiseaḋ b’éidir go neireoċaiḋ,” ar san t-Síḋeóg le Goillís ann a ċluais. “B’éidir naċ ann a leabuiḋ raċaiḋ siad anoċt, ha ha ha.”
Ni ṫug Goillis aon ḟreagraḋ ḋo, mar ḃi an dá ṡúil dul amaċ air a ċeann ag faire creud do ḋeunfaḋ siad ann sin.
Rug an Riġ air láiṁ an ógánaiġ, agus rug an Ḃainrioġan air a h-inġín agus ċuaiḋ siad suas ċum na h-altóra le ċéile, agus na tiġearnaiḋ agus na daoine móra uaisle ’gá leanaṁaint.
Nuair ṫáinig siad i ḃfogus don altoír, agus naċ raiḃ siad mórán nios faide na ceiṫre slata uaiṫi do ṡín an t-Siḋeóg ḃeag a ċos amaċ roiṁ an g-cailín, agus ṫuit si. Sul d’ ḟeud si eíriġe arís ċaiṫ se rud eígin