Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/44

This page has not been proofread.

30

capall ann a láin-ríṫ agus na capaill eile leis, no go dtáinig siad ċum na fairrge.

“Éiriġ aġus ṫart leat,” ar gaċ fear aca, “Éiriġ agus ṫart leat” ar Goillis, agus air an móimid d’éirig an capall faoi, agus rinne se léim annsna speurṫaiḃ agus ṫaínig se anuas i n-Éirinn.

Nior stad siad ann sin aċt ċuaiḋ siad de rása go dti an aít ann a raiḃ teaċ Ġoillís, agus an ráṫ, agus nuair ṫáinig siad ċoṁ fada leis, d’ iompuiġ Goillís agus rug se le na ḋá riġe air an g-cailín óg agus léim sé sios de’n ċapall. “Goirim agus coisriġim ċugam feín ṫu i n-ainm Dé” ar seisean agus air an mball sul do ḃi an focal as a ḃeul, ṫuit an capall sios, aċt creud do ḃi ann aċt sail ceuċta d’á ndearna siad-san capall, agus uile ċapall do ḃi aca buḋ mar sin a rinne siad é. Ḃi cuid aca ag marċuiġeaċt air, ṡean sguaib, agus cuid air ḃata briste, agus cuid eile air ḃuaċalán, no air fórán.

Ġlaoḋ na daoine maiṫe uile go léir nuair ċualaiḋ siad creud a duḃairt Goillís, “A Ġoillis a ḃodaiġ, a Ġoillís a ḃiṫeaṁnaiġ, ná raiḃ maiṫ agad a Ġoillís, creud fá d’ imir tu an cleas sin orrainn?” aċt ni raiḃ cuṁaċt air biṫ aca air an g-cailin dḟuadaċ