Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/46

This page has not been proofread.

32

fós, ar Goillís ann a inntinn féin, agus laḃair se léiṫe arís, “tá faitċios orm go g-caiṫfiḋ tu an oiḋċe seo ċaṫaḋ i dteaċ m’ aṫar a bean-uasal, agus má tá aon rud is féidir liom-sa ḋeunaḋ air do ṡon, innis dam é agus beíḋ me mo ṡearḃḟóġanta ḋuit.” Dḟan an cailín sgiaṁaċ bréaġ ’nna tost, aċt ḃi déora ann a súiliḃ, agus ḃi a h-eudan bán agus dearg ’r éis a ċéile.

“A ḃean-uasal,” ar Goillís, “innis dam creud buḋ ṁaiṫ leaṫ a ḋeunaṁ anois. Nior ḃain mise ċor air biṫ leis an dream. siḋeóige sin a rug leó ṫú. Is mac feilmeóra cneasta me, agus ċuaiḋ me leó gan ḟios dam. Má ṫiucfaiḋ liom do ċur air ais ċum d’aṫar deunfaiḋ me é, agus guiḋim ṫu úsáid air biṫ is mian leat do ḋeunaṁ ḋíom anois.”

Ḋearc se ann a h-eudan agus ċonnairc se an beul ag corruġaḋ aṁail a’s mar ḃi si dul a laḃairt, aċt ni ṫáinig aon ḟocal as.

“Ni féidir,” ar Goillís, “go ḃfuil tu balḃ, nár ċualaiḋ me ṫu ag laḃairt le mac-an-riġ annsa’ bpálás anoċt. No, an ndearna an diaḃal sin balḃ dáríriḃ ṫu, nuair ḃuail sé a láṁ ġránna air do ġiall?”