Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/47

This page has not been proofread.

33

Ṫóg an cailín a láṁ ṁín ḃán, agus leag sí a meur air a teanga ag taisbéant dó, gur ċaill sí a guṫ agus a caint, agus riṫ na deóra amaċ as a ḋá súil ’san am ceudna coṁ luaṫ le sroṫán, agus go deiṁin ni raiḃ súile Ġoillís féin tirm, mar coṁ garḃ a’s ḃí sé, taoḃ amuiġ, do ḃí croiḋe bog aige, agus nior ḟeud sé aṁarc an ċailín óig ṡeasaṁ, agus í annsan rioċt mi-áġaṁuil sin

Ṫosaiġ sé ag smuaineaḋ leis féin creud do buḋ ċóir dó ḋeunaṁ, agus nior ṁaiṫ leis a taḃairt a ḃaile leis féin go teaċ a aṫar, mar ḃí ḟios aige go maiṫ naċ g-creidfeaḋ siad é, go raiḃ sé annsa’ ḃFrainc agus go dtug sé air ais leis inġean Riġ na Fraince, agus ḃí faitċios air go ndeunfaḋ siad magaḋ faoi an óg-ṁnaoi uasail, no go g-cuirfeaḋ siad droċ-aiġneas uirri.

Nuair ḃí sé mar sin i n-aṁras mór agus gan ḟios aige creud do ḋeunfaḋ sé, ṫárla gur ċuir sé a láṁ ann a ṗóca, agus fuair sé páipeúr ann; ṫarraing sé amaċ é agus ḃreaṫnuiġ sé air, agus air an móimid d’aiṫniġ sé bulla an Ṗápa. “Glóir do Ḋia!” ar sé, tá ’s agam anois creud a ḋeunfaiḋ me, béarfaiḋ me liom go teaċ an t-sagairt i, agus nuair feicfiḋ sé a ṗárdún annso,