Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/48

This page has not been proofread.

34

ni ḋiúltóċaiḋ sé ḋam an ḃean-uasal do ċongḃáil, agus do ċoṫuġaḋ. Ṫionntaiġ sé do’n óg-ṁnáoi arís agus d’innis sé ḋí go raiḃ leisg air í féin do ṫaḃairt go teaċ a aṫar, aċt go raiḃ sagart maiṫ macánta do ḃí muinntearaċ leis féin, agus go dtiúḃraḋ seisean aire ṁaiṫ ḋí, dá mbuḋ ṁaiṫ léiṫe fanaṁaint ann a ṫeaċ-san, aċt dá mbeiḋeaḋ aon áit eile do ḃfeárr léiṫe go dtiúḃraḋ sé ċum na h-áite sin í.

Ċrom síse a ceann, agus ṫaisbéan sí ḋó go raiḃ sí buiḋeaċ, agus ṫug sí le tuigsint dó, go raiḃ sí réiḋ le na leanaṁaint ann áit air biṫ do ḃí sé dul. “Raċamaoid go teaċ an t-sagairt, mar sin,” ar sé, “agus tá sé faoi oibliogáid daṁsa, agus deunfaiḋ sé rud air biṫ a ḋéarfas mé.

Ċuaiḋ siad, mar sin, go teaċ an t-sagairt le ċéile, agus ḃí an ġrian go díreaċ ag éiriġe nuair ṫáinig siad ċum an dorais. Ḃuail Goillís go láidir é, agus ċoṁ moċ a’s ḃí sé, do ḃí an sagart maiṫ ’nna ṡuíḋe, agus dḟosgail sé an doras, é féin. Ḃí iongantas air nuair ċonnairc sé Goillís agus an cailín, agus ḃí sé cinnte gur b’ ag iarraiḋ ḃeiṫ pósta do ḃí siad.

“A Ġollís na g-cos duḃ, naċ deas an