35
buaċaill ṫu!” ar sé, “naċ dtig leat fanaṁaint go d-ti a’ deiċ a’ ċluig, no go d-ti a do-deug, aċt go g-caitfiḋ tu ḃeiṫ teaċt ċugam ag an uair seó ag iarraiḋ pósta, ṫu féin a’s do ġirrseaċ. Buḋ ċóir ḋuit fios a ḃeiṫ agad go ḃfuil me briste, agus naċ dtig liom do ṗósaḋ, air ṁóḋ air biṫ naċ dtig liom do ṗósaḋ go dlisteanaċ—aċt ububú!” ar sé, go h-obann mar ḋearc sé air an óg-ṁnaoi arís, “i n-ainm Dé cia tá agad annso? cá ḃfuair tu í, no cia hí?”
“A aṫair,” ar Goillís, “tig leat mé féin no duine air biṫ ṗósaḋ feasta, má’s mian leat é, acṫ ni ag iarraiḋ pósta ṫáinig me ċugad, acṫ le taḃairt an ṗáipéir seo ḋuit, agus le h-iarraiḋ ort má ’s é do ṫoil é lóistín ann do ṫeac do ṫaḃairt do’n ógṁnaoi uasail seo,” agus leis sin ṫarraing sé bulla an Ṗápa amaċ, agus ṫug sé do’n t-sagart le léiġeaḋ é.
Ġlac an sagart éagus léiġ sé é, agus ḃreaṫnuiġ sé go geur air an sgríḃinn agus air an seula agus ni raiḃ aon aṁras aige naċ raiḃ sé ’nna ḃulla ceart o láim an Ṗápa, “Cá ḃfuair-tu so,” ar sé le Goillís, agus ḃí an láṁ ann ar ċongḃuiġ sé an páipeur ag craṫaḋ le h-ionġantus agus le luṫġáire.