Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/54

This page has not been proofread.

40

sé fada no gur ṫuig siad a ċéile go h-an ṁaiṫ. Ḃi Goillís i g-cóṁnuiḋe ag smuaineaḋ cad é an ċaoi a ṫiucfaḋ leis a cur air ais d’á h-aṫair, aċt ni raiḃ aon duine le dul léiṫe agus ni raiḃ ḟios aige féin cad é an bóṫar buḋ ċóir dí leanaṁaint mar naċ raiḃ sé ríaṁ as a ċondae féin go dti an oiḋċe sin ann a rug se leis í. ni raiḃ aon eólas do b’ ḟeárr ag an tsagart, aċt nuair d’iarr Goillís air, sgrioḃ sé tri no ceiṫre litreaċa o am go h-am go “Riġ na Fraince,” ag innsint dó cás a inġíne agus an áit ann a raiḃ sí agus ṫug se iad do luċt ceannuiġṫe agus diolta earraiḋ do biḋeaḋ ag dul o áit go h-ait tar sáile aċt ni ṫáinig ceann aca go láiṁ an Riġ, mar ċuaiḋ siad uile amuġa.

Is mar sin do ḃí siad le mórán mios, agus ḃí Goillís ag tuitim i ngráḋ léiṫe nios mó agus nios doiṁne gaċ lá, agus buḋ léar dó féin agus do’n t-sagart go raiḃ duil ṁór ag inġín an Riġ i nGoillís. Ḃi faitċios mór air an mbuaċaill air deire go g-cluinfeaḋ an Riġ dáríriḃ an áit ann a raiḃ a inġean agus go nglacfaḋ sé air ais uaiḋ féin í, agus ċuir sé impiḋe air an tsagart gan sgrioḃaḋ nios mó, aċt an ċúis do leigint faoi Ḋia.