42
oiḋċe. D’éiriġ an ġealaċ suas go mall agus ḃí sí mar ċnapán teine an taoḃ ṡiar dé agus ḃí ceó bán ann, do ḃí árduiġṫe as na maċairiḃ féir agus as na h-áiteaċaiḃ fliuċa le fionn-ḟuaċt na h-oiḋċe ’r éís ain-teas an laé. Do ḃí an oiḋċe ċoṁ ciúin le loċ nuair naċ mbiann aon ġal gaoiṫe amuiġ a ċorróċaḋ tonn air, agus ní raiḃ aon ḟuaim le cloistint aċt crónán na g-ciaróg do ṫéiḋeaḋ ṫart o am go h-am, no sgread géur obann na ngé-fiaḋáin ag dul o loċ go loċ, leiṫ-ṁile ṡuas annsan aér os a ċionn, no fead geur na ḃfeadóg no na ḃfilbín ag éiriġe ’s ag luiġe, ag luiġe ’s ag éiriġe, mar is gnáṫaċ leó i n-oiḋċe ċiúin. Do ḃí míle míle reult geal ag soillsiuġaḋ os a ċionn, agus do ḃí beagán seaca ann d’ḟág an talaṁ do ḃí faoi na ċois bán agus briosg.
Sheás sé ann sin air feaḋ uaire air feaḋ dá uair, air feaḋ tri h-uaire; agus do ṁeudaiġ an sioc go mór, i rioċt gur ċualaiḋ sé briseaḋ na dtraiṫnín faoi na ċois ċoṁ minic agus ċorruiġ sé í.
Bhi sé ag smuaíneaḋ ann a inntinn faoi ḋeire, naċ dtiucfaḋ na Siḋeóga an oiḋċe sin, agus go raiḃ sé ċoṁ maiṫ dó filleaḋ air ais arís, nuair ċualaiḋ sé toran a